Plearaca Na Ruarcach


Pléaráca na Ruarcach

Pléaráca na Ruarcach I gcuimhne gach uile dhuine
Dá dtiocfaidh, dá dtáinic, 's dá maireann go fóill:
Seacht bhfichid muc, mart agus caora
Dhá gcasgairt don ghasraí gach aon ló
Céad páil uisge bheatha 's na meadra dhá líona,
Ag éirghe ar maidin is againn bhí an spóirt
Briseadh do phíopa-sa, sladadh mo phóca-sa,
Goideadh do bhríste-sa, loisgeadh mo chlóca-sa,
Chaill mé mo bhairéad, m'fhallaing is m'fhiléad,
Ó d'imigh na gairéad ar seacht mbeannacht leó!
Cuir spraic ar a' gcláirsigh, seinn suas a' pléaráca,
An bucsa sin, 'Áine, 'gus greadóg le n-ól!

Lucht leanamhna na Ruarcach a' cratha a gcleití,
Tráth chuala siad tormán nó troimpléasg an cheóil;
D'éirigh gach aon aca gan coisreaca 'n-a leabaidh,
Is a bhean leis ar strachailt in gach aon chórn
Nár láidir an seasamh don talamh bhí fútha,
Gan réaba le sodar agus glug ins gach bróig!
Saol agus sláinte dhuit, 'Mh'leachlainn Uí Fhionnagáin!
Dar mo láimh is maith a dhamhsuíos tú, 'Mhársail Ní Ghriodagáin!
Here's to you, 'mháthair, I pledge you, God save you!
Beir ar a' sgála so, sgag é in do sgóig
Crath fúinn an tsráideóg, sín tharuinn an bhán-phluid,
Tugthar ar sáith dhúinn de lionn-choirm chóir!
A Árd-Rí na gcarad, cébi 'tchífeadh an ghasraí
Ar líona a gcraicní nó ar lasa san ól!
Cnáimh righe bacaird ar fad in gach sgín aca,
A' gearra 's a' cosgairt go mór, mór, mór;
A slisneacha darach ar lasa a' gabháil fríd a chéile,
A' buala, a' greada, a' losga 's a' dódh
A bhodaigh, 'sé m'athair-se chuir Mainistir na Búille suas,
Sligeach is Gaillimh is Caraidh Dhroma Rúisgthe fós
Iarla Chill' Dara agus Biadhtach Mhuí n-ealta,
Siad d'oil agus d'altruim mé, fiosraigh so de Mhór
Tóig suas a' t'ádhmad agus buail an t-alárm air,
Preab ionsa táirr agus cic ionsa tóin!

"Cé thóig a' t-alárm so?" ar aon den Eaglais,
Ag éirghe 'n-a sheasamh 's a' bagairt go mór;
Ní h-é spairgeas uisge coisreactha ghlac sé sa gcíora
Ach bata maith darach, bog-lán dóirn!
Trh shíl sé na caithmhílidh a chasgairt 's a chíora,
Do fágadh an sagart 'n-a mheall chasta fán mbórd
D'éirigh na bráithre a' tárrtháil na bruíne,
Is fágadh an t-Athair Gáirdian ar a thárr 'n-áirde sa ngríosaí
"Tráth bhínn-se ag an bPápa ar stuidéar na ngrásta,
'S a' glaca na ngrádhamh tháll ins a' Róimh,
'Sé an Seven Wise Masters bhí agad ar do tháirr,
Is tú a' rósta na bprátaí láimh leis a' tSídh Mhór!







Captcha
Widget
Das Lied von Sean O'Se wird Ihnen von Lyrics-Keeper angeboten. Widget kann als Karaoke zum Lied Sean O'Se Plearaca Na Ruarcach benutzt werden, wenn Sie die Moglichkeit haben, den Backing Track herunterzuladen. Fur einige Kompositionen ist die richtige Ubersetzung des Liedes zuganglich. Hier konnen Sie auch die Ubersetzung des Liedes herunterladen. Wir bemuhen uns, den Text zum Lied moglichst genau zu machen, deswegen bitten wir Sie um eine Mitteilung, falls etwas im Text zum Lied korrigiert werden muss. Wenn Sie das Lied Sean O'Se Plearaca Na Ruarcach kostenlos im MP3-Format herunterladen mochten, besuchen Sie bitte einen von unseren Musiksponsoren.