Cathair Mhór Chicago


Thíar i gcathair mhór Chicago
Is an oích' ag dul faoi scáth
Tá daoine ann ag smaointiú
Ar na sléibhte i nDún na nGall

An tráth sin, lár na haoise
Le linn an Ghorta Mhóir
Pianta gránna ocrais -
D'ímigh milliún lán le deor'
Gan saibhreas ar a n-intinn
Gan ghlóir ar bith taobh thiar
Ag streacailt 'is ag caoineadh
Báid Bhána ar an mhuir

Thíar i gcathair mhór Chicago
Is an oích' ag dul faoi scáth
Tá daoine ann ag smaointiú
Ar na sléibhte i nDún na nGall

Ar roinnt acu bhí saibhreas
Roinnt eile, clú is cáil
Bhí anró ann gan ghearán
Is cailleadh ar an máigh
Ag siúl ar fud na tíre
'S ar bhóithre iaraínn leo
Ag scaipeadh cheol a gcroíthe
'Tabhairt sochair dá gcuid bróin

Thíar i gcathair mhór Chicago
Is an oích' ag dul faoi scáth
Tá daoine ann ag smaointiú
Ar na sléibhte i nDún na nGall







Captcha
The Luka Bloom Cathair Mhór Chicago are brought to you by Lyrics-Keeper. You can use lyrics widget for karaoke. We tried to make lyrics as correct as possible, however if you have any corrections for Cathair Mhór Chicago lyrics, please feel free to submit them to us. If you want to download this song in mp3 you can visit one of our music sponsors.